Donegal County Council Logo
Home > Your Council > Communications Office > Press Releases 2022 > June

22/06/22 Summer Stars National Reading Adventure 2022

Summer Starts National Reading

Pupils from St Macartan’s National School. Bundoran along with Cathaoirleach of the Donegal Municipal District Cllr Niamh Kennedy. Included in the photo are Librarians Joe Kelly, Collie Drummond and Sinéad McLaughlin along with Cllr Barry Sweeney and Screen Writer,  Will Collins.

 

Libraries throughout Donegal are taking part in Summer Stars, the public library reading programme for children which runs from June until the end of August. All children throughout the country are invited to join the adventure and to enjoy the fun and pleasure of reading and writing over the summer. Summer Stars is non-competitive and every child who reads even one book/ ebook is regarded as having completed the programme – and it’s all completely free!

 

Cathaoirleach of the Donegal Municipal District, Cllr Niamh Kennedy commented, “Donegal County Council is delighted to launch this fantastic literacy programme. With a fabulous range of free events in libraries across the county and some free goodies for those taking part, I am sure the children will really enjoy taking part in Summer Stars. It is great to see that our libraries have resumed a full schedule of live events again and that, as always, the service offers a wide range of excellent services for everyone in the community”

 

This year, children and their families can join arts, crafts and Harry Potter workshops, storytelling, fitness classes, drama sessions and Escape Chest challenges. Children will also get the opportunity to meet local Donegal authors such as Malachy Doyle and Louise Flanagan. Summer Stars will celebrate the Irish Legends Golf Tournament presented by the McGinley Foundation at the Rosapenna Hotel and Golf Resort in August, with its Glow Up a Golf Ball competition, and storytelling sessions in Ionad Achmainne Teaghlaigh Mhíobhaigh.

 

We have lots of brilliant books for all reading levels along with audiobooks and e-books to help you escape through the wonderful BorrowBox app. Borrow, read and listen to the Summer Stars collection of children’s e-books and e-audio books using the app. This is free for all members to use and non-members can join online for free at https://www.librariesireland.ie/join-your-library

 

Children and families can find out what else Donegal County Library Service has planned for Summer Stars by checking out our website www.donegallibrary.ie and by following @DonegalCountyLibrary on Facebook and @DonegalLibrary on Twitter. 

 

Taiscéalaíocht Léitheoireachta Náisiúnta, 2022 - i gcomhar le Réaltaí an tSamhraidh

 

Tá leabharlanna Thír Conaill fud fad an chontae sínithe suas don scéim ‘Réaltaí an tSamhraidh’ (clár léitheoireachta leabharlainne poiblí do pháistí), a bhíonn ar siúl ó mhí an Mheithimh go dtí mí Lúnasa gach bliain. Cuirfear fáilte Uí Cheallaigh roimh pháistí ó gach cearn den tír a bpáirt féin a ghlacadh i dtaiscéalaíocht an tsamhraidh seo agus an spraoi agus an taitneamh atá bainte le léitheoireacht agus scríbhneoireacht a bhlaiseadh dóibh féin. De bhrí gur chlár neamhiomaíoch é Réaltaí an tSamhraidh, beidh ráth ar gach uile pháiste an clár a chríochnú tar éis dóibh fiú leabhar ná ríomhleabhar amháin a léamh. Tá an clár go hiomlán saor in aisce chomh maith!

 

Dúirt an Comhairleoir Niamh Kennedy, atá ag feidhmiú mar chathaoirleach do Cheantar Bardasach Dhún na nGall faoi láthair, an méid seo a leanas. “ Tá lúcháir ar Chomhairle Chontae Dhún na nGall as an chlár litearthachta dochreidte seo a sheoladh. Anuas ar an raon millteanach mór d’imeachtaí saor in aisce atá lonnaithe i leabharlanna an chontae, mar aon leis na féiríní ar leith a bheas ag teacht abhaile leis na páistí, níl aon amhras orm go mbainfidh na rannpháirtithe uile an-taitneamh as Réaltaí an tSamhraidh. Is maith an rud é go bhfuil sceideal lán d’imeachtaí beo ag ár leabharlanna anois agus go mbíonn siad in ann a gcuid sársheirbhísí a chur i gcrích don phobal mhór arís eile”.

 

Is féidir leis na páistí agus a gcuid teaghlach aghaidh a thabhairt nó iad féin a thumadh go hiomlán i roinnt rudaí éagsúla i mbliana, mar shampla: ealaíona agus ceardaíocht, ceardlanna Harry Potter, seanchas agus scéalaíocht, ranganna aclaíochta, seisiúin drámaíochta agus dúshláin réiteach fadhbanna cosúil le ‘Cófra a Oscailt’. Beidh deis ag na páistí aithne a chur ar údair áitiúla an chontae i bhfoirm Malachy Doyle agus Louise Flanagan fosta. Déanfaidh Réaltaí an tSamhraidh ceiliúradh ar Chraobh Ghailf Laochra na hÉireann - a chuirfidh an fhondúireacht McGinley i láthair ag an Óstán agus Ionad Gailf Mhachaire Loiscthe i mí Lúnasa - trí chomórtas darb ainm Glow Up a Golf Ball a dhéanamh chomh maith le lá scéalaíochta in Ionad Acmhainne Teaghlaigh Mhíobhaigh, in ómós na hócáide.

 

Tig libh éalú ó chúrsaí an tsaoil nuair a chuireann sibh súil ar an aip thar barr atá againn – BorrowBox. Tá leabhair, closleabhair agus ríomhleabhair den scoth ar fáil, agus gach leibhéal léitheoireachta a ghabhann leo. Is féidir cnuasach na ríomhleabhar agus na clos-ríomhleabhar páistí de chuid Réaltaí an tSamhraidh a fháil ar iasacht ón aip a fhad is go mbeidh sibh in ann iad a léamh nó cluas a thabhairt dóibh. Tá an tseirbhís seo saor in aisce dár mbaill uile agus thiocfadh le duine ar bith a bheith ina mball tríd an nasc seo a líonadh saor in aisce freisin - https://www.librariesireland.ie/join-your-library.

 

Beidh páistí agus a dteaghlaigh in ann cúrsaí agus an scéal is déanaí do Sheirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall a leanúint trí chliceáil a dhéanamh ar ár suíomh gréasáin www.donegallibrary.ie, nó trí Facebook ar @DonegalCountyLibrary, ná Twitter chomh maith ar @DonegalLibrary.

Rate this Page

Select an option below

Map Services

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO